Ionad FET Bhaile Átha Seanaidh
Tá an tIonad Breisoideachais agus Oiliúna (FET) i mBaile Átha Seanaidh lonnaithe ar Shráid an Choláiste. Tagann foghlaimeoirí ó Bhaile Átha Seanaidh agus ó cheantair máguaird den chuid is mó. Cuireann an t-ionad réimse cúrsaí ar fáil ó Leibhéal 1-5 d’fhoghlaimeoirí ó Bhéal Átha Seanaidh agus ó cheantair máguaird i dtimpeallacht foghlama atá sábháilte agus tacúil.
Tá formhór na gcúrsaí creidiúnaithe ag Dearbhú Cáilíochta agus Cáilíochtaí Éireann (QQI) nó ag comhlachtaí creidiúnúcháin eile, macasamhail City & Guilds agus tá na cáilíochtaí uilig dírithe ar thionscal ar leith. Tig le foghlaimeoirí tosú ag leibhéal a aithníonn a scileanna reatha agus tig leo leas a bhaint as an bhealach dul chun cinn is fearr a oireann dóibh.
Cuirtear réimse clár ar fáil san ionad de réir mar atá mionsonraithe thíos:
Cláir atá ar fáil
- Litearthacht d’Aosaigh
- An Tionscnamh um Fhilleadh ar an Oideachas (BTEI)
- Féinmhaoinithe (Ranganna Páirtaimseartha/Tráthnóna)
- Scéim Deiseanna Oiliúna Gairmoideachais (SDOG)
- Cumasóige