Oideachas Pobail
Cad is Oideachas Tacaíochta Pobail ann?
Tacaíonn an Clár Tacaíochta Oideachais Pobail le cúrsaí oideachais d’aosaigh a sheachadadh sa phobal trí mhaoiniú a chur ar fáil le haghaidh costais teagaisc agus tacaíocht maidir le cúrsaí a chur ar bun. Tá sé mar aidhm ag an chlár daoine fásta a bhfuil beagán cáilíochtaí/cailíochtaí ar bith acu a spreagadh le páirt a ghlacadh i ngíomhaíochtaí oideachais, le cur lena bhféinmhuinín mar dhaoine aonair agus le cuidiú lena bpobal a fhorbairt.
Aidhmeanna an chláir
-
Tacú le soláthraithe oideachais pobail le deiseanna oideachais atá lonnaithe go háitiúil a eagrú agus a sheachadadh do ghrúpaí daoine nach dtapaíonn deiseanna mar sin de ghnáth. Tá na cúrsaí neamhchreidiúnaithe de ghnáth ach d’fhéadfadh teastasú a bheith i gceist.
- Forbairt grúpaí agus gníomhaíochtaí úra oideachais pobail i nDún na nGall a chur chun cinn agus tacú leo.
- Tacú leis an earnáil oideachais pobail trí dheiseanna oiliúna agus comhroinnte faisnéise a chur ar fáil.
- Sonraí cáilíochtúla agus cainníochtúla a bhailiú ar ghníomhaíocht oideachais pobail i nDún na nGall.
Chiste um Míbhuntáiste Oideachasúil a Mhaolú (MAEDF) 2021 – Gairm Oscailte ar Mhaoiniú
Tá gairm oscailte ar mhaoiniú seolta ag Seirbhís Breisoideachais agus Oiliúna (FET) ETB Dhún na nGall, i gcomhar le SOLAS; tá sé mar aidhm ag an mhaoiniú tacaíocht a thabhairt do sholáthraithe/ghrúpaí áitiúla Oideachais Pobail.
Tógann Ciste um Míbhuntáiste Oideachasúil a Mhaolú (MAEDF) 2021 ar rath an chiste roimhe sin (2020) agus tá sé mar aidhm aige aghaidh a thabhairt ar mhíbhuntáiste oideachasúil a d’fhéadfadh a bheith amhlaidh i gcás foghlaimeoirí áirithe. Tá an ciste dírithe go háirithe ar thacú le spéis na ndaoine san fhoghlaim a mhúscailt nó a athmhúscailt. Tá sé mar aidhm ag an ghairm seo bacainní ar rannpháirtíocht i FET a laghdú, go háirithe trí rochtain níos mó ar theicneolaíochtaí digiteacha, ar threalamh agus ar acmhainní eile a éascú.
Reáchtálfar dhá sheisiún eolais ar líne do gach grúpa iarratasóirí féideartha ar na dátaí seo a leanas:
- Déardaoin, 19 Lúnasa ag 11.00 r.n.
- Dé Céadaoin, 25 Lúnasa ag 11.00 r.n.
Le clárú agus do spéis a léiriú sa scéim agus sa seisiún eolais, seol freagra chuig martinaneedham@donegaletb.ie ag lua go sonrach cé acu seisiún ar mhaith leat freastal air.
Déardaoin 16 Meán Fómhair 2021 is ea an dáta deiridh le hiarratais a chur isteach.
- Grúpaí pobalbhunaithe fear agus ban
- Grúpaí Ealaíon Pobail
- Taistealaithe
- Daoine Breacaosta
- Daoine Faoi Mhíchumas
- Grúpaí Tuismitheoirí Aonair
- Grúpaí Mionlach Eitneach
- Grúpaí Daoine Leispiacha, Aeracha, Déghnéasacha agus Trasinscneacha
- Cuidiú maidir le táillí teagaisc
- Ábhair ata de dhíth le haghaidh rang nó gníomhaíocht ar leith
- Cuidiú maidir le costais riaracháin
- Ionad a fháil ar cíos
- Poiblíocht
- Réamhfhorbairt / obair le grúpaí maidir le hacmhainn an phobail a fhorbairt
Caithfidh foirmeacha iarratais comhlánaithe maidir le maoiniú a bheith faighte tráth nach déanaí ná 5 seachtaine roimh dháta tosaigh sceidealaithe an chúrsa.
Sonraí Teagmhála
Orla Winters
Áisitheoir Oideachais Pobail
(Ceantair Ghaeltachta, Iarthar & Desiceart Dhún na nGall)
Guthán: 074 972 5520
Ríomhphost: orlawinters@donegaletb.ie
Catherine Friel
Áisitheoir Oideachais Pobail
(Inis Eoghain, Theas & Oirthear Dhún na nGall)
Guthán: 087 1853050
Ríomhphost: catherinefriel@donegaletb.ie
Trisha McGuinness
Riarthóir, Ard Scoil na gCeithre Máistir,
Tír Chonaill St. Baile Dhún na nGall
Guthán: 074 9725520 or 074 9725522
Ríomhphost: trishamcguinness@donegaletb.ie
Scéalta ó Mhic Léinn
Léigh scéalta Paul, Annie agus Claire faoi thacaíocht Oideachais Pobail anseo.