Comhlíonadh

Tá ardchaighdeáin rialachais chorparáidigh i ngach ETB riachtanach lena chinntiú go bhfuil siad ag cur go dearfach le héifeachtúlacht fhoriomlán gheilleagar an Stáit, le hiomaíochas, le hionchuimsiú sóisialta agus le forbairt réigiúnach.

Is é atá i gceist le rialachas corparáideach ná córais agus nósanna imeachta a stiúrann agus a rialaíonn comhlachtaí. Ní mór d’ETB Dhún na nGall freastal ar leasanna an Rialtais mar scairshealbhóir, ar leasanna an cháiníocóra agus ar leasanna gach páirtí leasmhara eile, agus a bheith sa tóir ar luach ar airgead ina chuid iarrachtaí, riosca a bhainistiú go cuí san áireamh. Ba chóir d’ETB Dhún na nGall gníomhú go stuama trédhearcach mar eintiteas poiblí agus ba chóir dó a chuid gníomhaíochtaí a dhéanamh de réir a chuid freagrachtaí reachtúla.

Cód Rialachais

Tá ETB Dhún na Gall faoi réir an CHÓID CLEACHTAIS DO RIALACHAS BOIRD OIDEACHAIS AGUS OILIÚNA (Ciorclán 0002/2019). Tá an Bord (is é sin, an t-eintiteas atá comhdhéanta de bhaill thofa agus cheaptha den ETB) agus an lucht bainistíochta cuntasach as bainistiú iomchuí na heagraíochta, á dtreorú go láidir ag na prionsabail atá leagtha amach sa Chód Rialachais i ndáil lena bhfreagracht a chomhlíonadh d’fhonn a chinntiú go gcomhlíonann a chuid gníomhaíochtaí uilig na caighdeáin is airde den rialachas corparáideach, is cuma cé acu, iad a bheith pléite nó gan a bheith pléite sa doiciméad seo. Éilítear ar an bhord a dheimhniú don Aire Oideachais agus Scileanna sa Tuarascáil Bhliantúil agus i Ráiteas an Chathaoirligh araon go gcomhlíonann siad na rialacháin is déanaí den Chód ina gcuid cleachtas agus nósanna imeachta rialachais.
Tá an Príomhfheidhmeannach cuntasach do Choiste na gCuntas Poiblí (Alt 25, an tAcht um Boird Oideachais agus Oiliúna 2013) agus do choistí eile den Oireachtas (Alt 26, an tAcht um Boird Oideachais agus Oiliúna 2013). Déanann an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste iniúchadh ar ráitis airgeadais ETB Dhún na Gall agus cuirtear faoi bhráid an Oireachtais iad de réir na reachtaíochta rialaithe.

Ceapachán Baill Sheachtraigh Amháin ar an Choiste um Iniúchóireacht agus Measúnú Riosca

Fáilteofar roimh iarratais ó dhaoine ar mian leo a bheith curtha san áireamh ag an Bhord maidir le ceapachán baill sheachtraigh den Choiste um Iniúchóireacht agus Measúnú Riosca de chuid ETB Dhún na nGall.

Ba chóir d’iarrthóirí Léiriú Spéise a chur isteach i scríbhinn, ag leagan amach a n-oiriúnacht, lena n-áirítear a gcuid taithí ar airgeadas/chuntasaíocht san earnáil phoiblí, ar bhainistíocht riosca agus ar rialachas corparáideach, má bhaineann an taithí sin le hábhar. Ba chóir gach léiriú spéise a sheoladh tríd an ríomhphost chuig corporateservices@donegaletb.ie nó sa phost chuig Bord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall, Oifigí Riaracháin, Ard Uí Dhomhnaill, Leitir Ceanainn, Co. Dhún na nGall, F92 DP98 tráth nach déanaí ná 5.00 i.n. Dé hAoine, 19 Márta 2021.

Ba chóir d’iarrthóirí a thabhairt dá n-aire go mairfidh an téarma ceapacháin ar feadh na coda eile den téarma reatha atá ag an Choiste um Iniúchóireacht agus Measúnú Riosca, tréimhse a dtiocfaidh deireadh léi in 2024.

Cuirfear painéal le chéile ó na Léirithe Spéise a gheofar fosta; d’féadfadh folúntais bhreise a d’fhéadfadh a theacht.

 

Cód Cleachtais do Rialachas Boird Oideachais agus Oiliúna