Litearthacht d’Aosaigh

Litearthacht d’Aosaigh, go háitiúil tugtar Foghlaim don Saol ar an chlár, is ea an tseirbhís bunoideachais d’aosaigh de chuid Bhord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall. Cuireann an clár teagasc ar fáil do dhaoine fásta ar mian leo bunscileanna a fhorbairt i léitheoireacht, scríbhneoireacht, litriú, matamaitic, uimhreacha agus  ríomhaireacht. Cuireann an clár foghlaim ar fáil atá saincheaptha do riachtanais gach foghlaimeora i dtimpeallacht foghlama tacaíochta agus cairdiúil.

Creidiúnú    

Is féidir le cúrsaí a bheith creidiúnaithe nó neamhchreidiúnaithe.

  • Is féidir creidiúnú a thairiscint trí Mhórdhámhachtainí agus trí Mhiondámhachtainí QQI ó Leibhéal 1 go Leibhéal 3.
  • Is gearrchúrsaí iad na cúrsaí neamhchreidiúnaithe atá deartha le freastal ar shainriachtanais oiliúna.

Táillí  

Tá gach cúrsa saor in aisce.

An dóigh le cur isteach ar chúrsa       

Tá Seirbhís Litearthachta d’Aosaigh Bhord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall ar fáil tríd an ionad Breisoideachais agus Oiliúna is giorra duit agus i roinnt ionad pobail/acmhainní áitiúil.  Tig leat tús a chur le cúrsa ag am ar bith le linn na bliana. Comhoibríonn foghlaimeoirí agus teagascóirí le chéile agus díríonn ranganna ar riachtanais an fhoghlaimeora mar dhuine aonair.

Tá Litearthacht d’Aosaigh comhmhaoinithe ag Rialtas na hÉireann agus an tAontas Eorpach.

Sonraí Teagmhála

Ionad FET Bhaile Átha Seanaidh
Eagraí Litearthachta d’Aosaigh (ALO)
Adele McElhinney
Guthán: 071 9851276
Ríomhphost: adelemcelhinney@donegaletb.ie

Ionad FET Bhun Cranncha
Eagraí Litearthachta d’Aosaigh (ALO)
Claire McNicholl
Guthán: 074 9362466
Ríomhphost: clairemcnicholl@donegaletb.ie

Ionad FET Bhaile Dhún na nGall
Eagraí Litearthachta d’Aosaigh (ALO)
Adele McElhinney
Guthán: 074 9721705
Ríomhphost: adelemcelhinney@donegaletb.ie

Ionad FET Leitir Ceanainn   
Eagraí Litearthachta d’Aosaigh (ALO)
Emilia Niewulska
Guthán: 074 9161561
Ríomhphost: emilianiewulska@donegaletb.ie

Ionad FET Bhaile na nGallóglach 
Eagraí Litearthachta d’Aosaigh (ALO)
Emilia Niewulska
Guthán: 074 9153194
Ríomhphost: emilianiewulska@donegaletb.ie

Ionad FET Ghort an Choirce         
Eagraí Litearthachta d’Aosaigh (ALO)
Dolores MhicGeidigh
Guthán: 074 9180871
Ríomhphost: doloresmhicgeidigh@donegaletb.ie

Ionad FET Srath an Urláir
Eagraí Litearthachta d’Aosaigh (ALO)
Georgina Thompson
Guthán: 074 9190610
Ríomhphost: georginathompson@donegaletb.ie

Comhordaitheoir Contae 
Aodán Mac Closcaigh
Guthán: 074 9153194 / 087 1170714
Ríomhphost: aidanmccloskey@donegaletb.ie

Déan teagmháil le d’eagraí áitiúil le níos mó eolais a fháil. Beidh sé/sí sásta labhairt leat agus roghanna agus suíomhanna cuí a phlé.

Tacaíochtaí an Chláir Litearthachta d’Aosaigh

Tá na tacaíochtaí seo a leanas ar fáil agus tú ag glacadh páirte sa Chlár Litearthachta d’Aosaigh