PLC Choláiste an Eargail
Cuireann Seirbhís Breisoideachais agus Oiliúna (FET) ETB Dhún na nGall cúrsaí Iar-Ardteistiméireachta ar fáil i roinnt iar-bhunscoileanna dá cuid, agus tá Coláiste an Eargail i Leitir Ceanainn ar cheann acu sin.
Tá Coláiste an Eargail lonnaithe ar Bhóthar Chill Mhic Réanáin i Leitir Ceanainn agus cuireann sé réimse cúrsaí PLC ar fáil ag Leibhéal 5 agus 6 agus tá ná cúrsaí sin creidiúnaithe ag QQI. Spreagtar foghlaimeoirí le páirt a ghlacadh i réimse leathan gníomhaíochtaí seach-churaclaim atá ar fáil sa Choláiste.
Cuirtear réimse clár ar fáil sa Choláiste de réir mar atá mionsonraithe thíos:
Cláir atá ar fáil
- QQI Leibhéal 5 Ealaín, Ceardaíocht agus Dearadh
- QQI Leibhéal 5 Staidéar Gnó
- QQI Leibhéal 5 Riarachán Gnó
- QQI Leibhéal 5 Cúram agus Oideachas na Luath-óige
- QQI Leibhéal 5 Scileanna Seirbhíse Sláinte
- QQI Leibhéal 5 Spórt, Áineas agus Aclaíocht
- QQI Leibhéal 5 Obair Ógra
- QQI Leibhéal 6 Cúram agus Oideachas na Luath-óige