SCOILEANNA

Iar-Bhunscoileanna

Cuireann ETB Dhún na nGall seirbhísí oideachais lánaimseartha ar fáil i 15 iar-bhunscoil sa chontae. Féachann oideachas dara leibhéal le timpeallacht iomlánaíoch foghlama ar ardchaighdeán a chur ar fáil a ullmhaíonn daltaí le haghaidh ardoideachais/breisoideachais nó le dul díreach isteach san ionad oibre, agus tugann sé cuid de na scileanna dóibh atá de dhíth le bheith ina saoránaigh ghníomhacha i sochaí dhaonlathach.

Iar-Bhunscoileanna

CUMASÓIGE

Daoine a fhágann an scoil go luath 

Is é Cumasóige an clár oifigiúil oideachais, oiliúna agus taithí oibre de chuid na Roinne Oideachais agus Scileanna do dhaoine óga a d’fhág an scoil go luath. Tá sé mar aidhm ag an chlár na bunscileanna atá de dhíth faoi choinne tuilleadh foghlama a thabhairt do dhaoine óga agus iad a ullmhú chun dul ar aghaidh go dtí breisoideachas/oiliúint nó fostaíocht. I gContae Dhún na nGall tá an clár á bhainistiú ag ETB Dhún na nGall.

Cumasóige

SCOILEANNA

Bunscoileanna 

Scoileanna Náisiúnta Pobail (SNPanna) a thugtar ar bhunscoileanna atá faoi stiúir ETBanna. Cé nach bhfuil aon SNPanna i gCo. Dhún na nGall faoi láthair, d’fhéadfadh sé sin athrú amach anseo agus tá roinnt eolais fúthu ar fáil sa bhileog seo.

Bunscoileanna

IONAD OIDEACHAIS AGUS OILIÚNA ALLAMUIGH GHARTÁIN

Oideachas & Oiliúint Allamuigh

Tá eastát fairsing 87 acra againn ar bhruach Loch Gartáin álainn i gcroílár Dhún na nGall agus sin an áit a gcuireann OEC Ghartáin réimse leathan cúrsaí oideachais eachtraíochta agus timpeallachta ar fáil, agus tá na cúrsaí sin deartha do gach aoisghrúpa agus leibhéal cumais.

Ionad Oideachais & Oiliúna Allamuigh Ghartáin

CLÁR OIDEACHAIS CEOIL DHÚN NA NGALL (DMEP)

Oideachas Ceoil

Féachann Comhpháirtíocht Oideachais Ceoil Dhún na nGall (DMEP) le teagasc uirlise/gutha a chur ar fáil i ngach seánra ceoil (Clasaiceach, Traidisiúnta, Rac-cheol/Popcheol agus Snagcheol), ag rátaí réasúnacha, do pháistí agus d’aosaigh óga. Ina theannta sin d’fhéadfadh an tseirbhís ligean do mhic léinn ar leith atá ag freastal ar na ranganna teagaisc uirlisí a fháil ar cíos óna banc uirlisí. Tugtar cuireadh do gach dalta de chuid an DMEP dul isteach in ensemble nó cór le cur lena scileanna ceoil agus sóisialta.

Comhpháirtíocht Oideachais Ceoil Dhún na nGall

SEIRBHÍSÍ ÓGRA

Seirbhísí Ógra

Cuireann ETB Dhún na nGall, i gcomhar leis an Roinn Oideachais agus Scileanna, tacaíocht riaracháin/airgeadais ar fáil, cé acu go díreach nó i gcomhar lena chéile do réimse Clár don Ógra ar fud Dhún na nGall.

Sainmhíniú ar Obair Ógra

CÓRAIS DEARBHAITHE CÁILÍOCHTA

Dearbhú Cáilíochta

Tá Bord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall tiomanta do chultúr cáilíochta a fhorbairt, agus a chinntiú go mbíonn eispéireas foghlama ar cháilíocht dhearbhaithe ag rannpháirtithe a ghlacann páirt i gclár breisoideachais agus oiliúna.

Dearbhú Cáilíochta