Dearbhú Cáilíochta (FET)

AG ETB DHÚN NA NGALL

Tá Bord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall tiomanta do chultúr cáilíochta a fhorbairt, agus a chinntiú go mbíonn eispéireas foghlama ar cháilíocht dhearbhaithe ag rannpháirtithe a ghlacann páirt i gclár breisoideachais agus oiliúna.

Dearbhú Cáilíochta a Fhorbairt

Tá ETB Dhún na nGall tiomanta dá chuid polasaithe agus gnásanna dearbhaithe cáilíochta a fhorbairt ar aon dul lena spriocanna agus tosaíochtaí straitéiseacha faoi mar atá leagtha amach ina Ráiteas Straitéise agus ar aon dul le riachtanais Chroí-Threoirlínte Reachtúla QA QQI

Polasaithe agus Gnásanna Oidhreachta Dearbhaithe Cáilíochta

I ndiaidh chónascadh Choiste Gairmoideachais Dhún na nGall agus iarionaid oiliúna SOLAS i Leitir Ceanainn agus i nGaoth Dobhair, tá ETB Dhún na nGall ag feidhmiú faoi dhá chomhaontú oidhreachta dearbhaithe cáilíochta faoi láthair le QQI, an ghníomhaireacht neamhspleách Stáit atá freagrach as cáilíocht agus cuntasacht a chur chun cinn i seirbhísí oideachais agus oiliúna in Éirinn (le níos mó eolais a fháil, féach ar www.qqi.ie).

Tá na doiciméid acmhainne a bhaineann leis na Comhaontuithe oidhreachta QA liostaithe thíos mar eolas:

Próiseas Measúnaithe Dearbhaithe Cáilíochta ETB Dhún na nGall do Chomhordaitheoirí Clár Meán Fómhair 2014.

TQAS Dréacht-Lámhleabhar Uileghabhálach Dearbhaithe Cáilíochta 2013 V4.3.

D’fhoilsigh QQI Chroí-Threoirlínte Reachtúla QA QQI in Aibreán 2016, agus foilsíodh Treoirlínte Dírithe ar an Earnáil le haghaidh ETBanna i mí na Bealtaine 2017. Tá ETB Dhún na nGall ag obair le polasaithe agus gnásanna úra dearbhaithe cáilíochta a fhorbairt anois don eagraíocht chónasctha.

Le polasaithe agus gnásanna QA a fháil a bhaineann le gach ionad Breisoideachais agus Oiliúna de chuid ETB Dhún na nGall faoi na socruithe oidhreachta, déan teagmháil leis an ionad atá i gceist go díreach, le do thoil. Tá sonraí teagmhála ar fáil anseo.

Polasaithe agus Gnásanna Dearbhaithe Cáilíochta Athbhreithnithe

Is tionscadal fádtéarmach a bheidh i gceist le réimse cuimsitheach comhpholasaithe agus comhghnásanna dearbhaithe cáilíochta a fhorbairt le haghaidh ETB Dhún na nGall; de réir mar a fhorbraíonn agus a fhaomhann an struchtúr rialachais chuí comhpholasaithe agus comhgnásanna úra, foilseofar ar an leathanach seo iad, agus cuirfear in ionad na bpolasaithe agus na ngásanna aonair reatha atá ar fáil i ngach ionad i láthair na huaire. 

Rialachas agus Bainistíocht ar Dhearbhú Cáilíochta: Róil agus Freagrachtaí

Struchtúr Rialachais

I láthair na huaire, úsáideann ETB Dhún na nGall struchtúr rialachais atá ina struchtúr feidhmiúcháin den chuid is mó. An Fhoireann Ardbhainistíochta FET a dhéanann maoirseacht ar rialachas den chuid is mó i láthair na huaire. Léiríonn an léaráid thíos an struchtúr reatha bainistíochta agus Rialachais laistigh de sheirbhís Breisoideachais agus Oiliúna ETB.

Ligeann an struchtúr do chumas cinnteoireachta feidhmiúcháin na Foirne Ardbhainistíochta FET a bheith freagrach don Phríomhfheidhmeannach/ d’Fhóram an Stiúrthóra.  Dá réir sin tá an Príomhfheidhmeannach freagrach do bhord an ETB maidir leis an eolas is déanaí a thabhairt don bhord i dtaca le forbairtí laistigh de FET mar aon le hábhair eile.

Tá na cineálacha clár uilig agus an 13 ionad FET ETB i gceist san fhoireann Comhordaitheoirí FET agus buaileann siad le chéile uair sa mhí agus cuireann sé sin leibhéal breise ar fáil don tsamhail reatha rialachais.

An Struchtúr úr Rialachais atá Beartaithe

Tá forbairtí á ndéanamh faoi láthair chun struchtúir, beartais agus nósanna imeachta nua a fhorbairt chun rialachas dearbhaithe cáilíochta a bhainistiú ag teacht le riachtanais na dTreoirlínte QA Lárnach agus Earnála QQI nua. Tá struchtúr rialachais nua atá molta leagtha amach thíos. De réir mar a fhorbraítear agus a fhaomhtar an struchtúr nua rialachais, beidh nuashonruithe le feiceáil anseo.

Mar an gcéanna tá samhlacha rialachais á bhforbairt do bhailíochtú clár de réir riachtanais an QQI agus nuair a fhorbrófar iad beidh siad le feiceáil anseo freisin.

Dearadh agus Faomhadh Clár

I láthair na huaire is féidir le hIonaid nó cláir de chuid ETB Dhún na nGall, ar mian leo clár/modúl a fhorbairt, moladh a dhéanamh maidir leis an fhorbairt leis an Fhoireann Ardbhainistíochta FET, agus déanfaidh siad machnamh ar cé acu atá an fhorbairt ag teacht le spriocanna aitheanta na heagraíochta agus straitéisí náisiúnta nó nach bhfuil. A luaithe agus atá an moladh le haghaidh forbartha faofa ag an fhoireann, is féidir leis an fhorbairt dul ar aghaidh. A luaithe agus atá sé déanta, measann an fhoireann Dearbhaithe Cáilíochta an clár/modúl in éadan réimse critéar.  Déanann an Fhoireann Ardbhainistíochta FET athbhreithniú ar mholtaí na foirne Dearbhaithe Cáilíochta agus má bhaineann an moladh le forbairt cláir nó modúil úir QQI cuireann an fhoireann Dearbhaithe Cáilíochta iarratas ar dhearbhú isteach chuig QQI.

Maidir le cláir agus modúil nach cláir ná modúil QQI iad agus i gcás go bhfuil an fóras cáiliúcháin ina chomhlacht sheachtrach iarrtar faomhadh cláir trí phróiseas cosúil leis sin sa mhéid is go gcuirtear iarratas isteach le haghaidh cáilíochtaí a fhaomhadh chuig an fhóras cáiliúcháin chuí.

Tá ETB Dhún na nGall tiomanta do shamhail athbhreithnithe faofa clár a chruthú ar aon dul le critéir bhailíochtaithe chláir QQI a foilsíodh le déanaí agus foilseofar í nuair a bheidh í ar fáil. 

Cáilíocht an Phróisis Measúnaithe a Dhearbhú

Tá fís chomhroinnte ag ETB Dhún na nGall maidir le teagasc agus foghlaim de réir mar atá mionsonraithe ina Ráiteas Straitéise

Cuireann ETB Dhún na nGall cláir QQI ar fáil a bhfuil mórdhámhachtainí mar thoradh orthu faoin Chomhchóras Dámhachtainí (CAS), mar aon le roinnt dámhachtainí neamhQQI a chur ar fáil, ar nós City & Guilds, VTCT, CompTIA, Accounting Technicians Ireland, Microsoft, ICS Skills agus cinn eile nach iad.

Próisis Mheasúnaithe QQI

Tugtar treoracha d’fhoghlaimeoirí atá oiriúnach don leibhéal NFQ, maidir le gach measúnú a iarrtar orthu a dhéanamh. Áiríonn siad sonraí an mheasúnaithe atá le déanamh, critéir & scéimeanna marcála agus treoirlínte de réir mar is cuí. Faoin fhoghlaimeoir atá sé measúnuithe a chríochnú agus a léiriú go bhfuil foghlaim déanta acu.  Bítear ag súil le go síneoidh gach foghlaimeoir ráitis a dheimhníonn barántúlacht a gcuid measúnuithe. Tá aiseolas múnlaitheach agus suimitheach, a tharlaíonn le linn agus i ndiaidh tascanna measúnaithe, ina n-eilimintí riachtanacha de theagasc agus d’fhoghlaim éifeachtach laistigh d’ETB Dhún na nGall.

Déantar monatóireacht ar chaighdeán na bpróiseas measúnaithe tríd na Próisis maidir le Dearbhú Inmheánach agus Deimhniú Seachtrach, agus arna fhaomhadh ag an Phainéal Faofa Torthaí.

Seiceálann gnásanna deimhnithe inmheánaigh (IV)  go ndearnadh measúnuithe de réir an dea-chleachtais: gur úsáideadh na huirlisí measúnuithe cuí, gur iontráladh sonraí agus torthaí foghlaimeoirí i gceart, agus i gcás sampla foghlaimeoirí, gur seiceáladh marcanna s’acu.

Tá an córas Deimhnithe Sheachtraigh (EA) ina chroí-eilimint maidir le cáilíocht agus caighdeán na bpróiseas measúnaithe a chinntiú. Is é ról an Fhíordheimhnitheora Sheachtraigh athbhreithniú a dhéanamh ar thuarascáil IV lena chinntiú go ndearnadh measúnuithe de réir an dea-chleachtais, athbhreithniú a dhéanamh ar mheasúnuithe na bhfoghlaimeoirí lena chinntiú gur measadh iad go cothrom agus go comhsheasmhach, agus le fíordheimhniú go bhfuil na gráid a bronnadh ag teacht leis na caighdeáin náisiúnta don leibhéal sin. Tá painéal Fíordheimhnitheoirí Seachtracha ag ETB Dhún na nGall agus roghnaítear iad ó phainéal EAanna QQI.

Tugann an Painéal Faofa Torthaí (RAP) deis don fhoireann ardbhainistíochta FET athbhreithniú a dhéanamh ar na torthaí a bhaineann le tréimhse mheasúnaithe ar leith, saincheisteanna a aithint a tháinig chun cinn sna measúnuithe, agus cinneadh a dhéanamh maidir le moltaí le haghaidh bearta ba chóir a dhéanamh amach anseo.

Éascaíonn na gnásanna IV/EA agus RAP seo measúnú cothrom agus comhsheasmhach ar fhoghlaimeoirí, agus tacaíonn siad le cinnteoireacht acadúil a léiríonn leasanna na bhfoghlaimeoirí agus go bhfuil caighdeáin á gcoinneáil. 

Achomhairc maidir le Measúnuithe Foghlaimeoirí

Tá sé de cheart ag foghlaimeoirí achomharc a dhéanamh maidir lena dtorthaí a bhaineann le dámhachtainí QQI, más rud é nach n-aontaíonn siad leis an bhreithiúnas measúnaithe a rinneadh. Tig le foghlaimeoirí iarraidh ar mheasúnóirí achomhairc, a bhfuil an-chuid taithí acu, a gcuid scripteanna measúnaithe a léamh. Tá na measúnóirí sin neamhspleách ó ETB Dhún na nGall. I gcás go seastar lena n-achomharc, cuireann ETB Dhún na nGall QQI ar an eolas faoin ghrád leasaithe.

Non-QQI Assessment Processes

Déantar measúnuithe neamh-QQI ar aon dul le rialacháin dearbhaithe cáilíochta an chomhlachta deimhnithe.

Rialacháin maidir le Measúnuithe

Tá ETB Dhún na nGall ag forbairt tacar comhpholasaithe agus rialachán maidir le measúnuithe ar aon dul leis an lámhleabhar náisiúnta maidir le Measúnuithe atá á chur le chéile i gcomhar le ETBanna agus an tSeirbhís Tacaíochta don Bhreisoideachas. Tá an lámhleabhar maidir le Measúnuithe á leathadh amach i réimse ionad agus é mar aidhm acu na polasaithe agus na gnásanna atá istigh ann a chur i bhfeidhm sa bhliain 2018. 

Eispéireas Foghlama agus Oiliúna ETB Dhún na nGall

Le heolas mionsonraithe a fháil maidir le polasaithe agus gnásanna a bhaineann leis an eispéireas foghlama in ionad ar leith, déan teagmháil dhíreach leis an ionad, le do thoil.  De réir mar a fhorbraítear polasaithe agus gnásanna úra a bhaineann le gach ionad de chuid ETB Dhún na nGall, foilseofar anseo iad.

Foghlaimeoir in ETB Dhún na nGall a dhéanamh duit féin: ár bpróisis iontrála

Tá ETB Dhún na nGall tiomanta do pholasaí iontrála a fhorbairt atá profa ó thaobh an chomhionannais de agus a bhaineann le gach ceann dá chuid seirbhísí agus ionad FET. 

Go hiondúil, freastalaíonn foghlaimeoirí ionchasacha lena n-oiriúnacht a mheas maidir leis an chúrsa a bhfuil siad ag cur isteach air. Comhordaitheoir an chúrsa a reáchtálann an t-agallamh de ghnáth agus cuidíonn an tseirbhís treorach agus earcaíochta leis/léi. Tá sé mar aidhm ag an agallamh measúnú a dhéanamh ar cé chomh maith agus a sásaíonn an foghlaimeoir na critéir iontrála don chúrsa más ann dóibh, nó cuidiú leis an fhoghlaimeoir an cúrsa is oiriúnaí dá c(h)uid riachtanas a aimsiú. Tugtar eolas, a bhaineann leis an chúrsa go díreach, d’fhoghlaimeoirí nuair a thosaíonn siad ar an chúrsa.

Bítear ag súil go mbeadh an t-eolas, na scileanna agus na hinniúlachtaí cuí ag aon fhoghlaimeoir atá ag iarraidh cúrsa ar leith a dhéanamh ag leibhéal an Chreata Náisiúnta Cáilíochtaí www.nfq-qqi.ie de réir mar atá léirithe sa réamheolaire le háit a fháil ar an chlár sin. Más rud é nach bhfuil mórdhámhachtain ag an leibhéal atá léirithe le háit a fháil, d’fhéadfaí scileanna saoil nó taithí oibre a chur san áireamh, a fhad is go bhfuil na scileanna acu a bheadh de dhíth le ligean dóibh páirt a ghlacadh go rathúil sa chúrsa.  Faoi chomhordaitheoir an chúrsa nó ball foirne sainaitheanta eile atá sé a chinntiú go bhfuil an t-eolas, na scileanna agus na hinniúlachtaí cuí ag foghlaimeoir ionchasach le páirt rathúil a ghlacadh sa chúrsa.

Tá ETB Dhún na nGall ag úsáid uirlis bhunlitearthachta, ar bhonn píolótach, le linn an phróisis agallóireachta le cuidiú le haon tacaíochtaí litearthachta a shainaithint.

Déan teagmháil leis an ionad go díreach le níos mó eolais a fháil faoi ghnásanna iontrála agus riachtanais iontrála a bhaineann le cúrsaí ar leith.

Níl próisis chomhaontaithe maidir le dearbhú cáilíochta ag ETB Dhún na nGall faoi láthair le tacú le rochtain ar chlár faoi Aitheantas Réamhfhoghlama (RPL). Mar sin féin, is féidir díolúine a thabhairt  d’foghlaimeoirí maidir le modúil áirithe de chuid an chláir/chúrsa má tá réamhfhoghlaim chreidiúnaithe agus taifid chuí acu. 

Nuair a thosaíonn foghlaimeoirí cúrsa in ETB Dhún na nGall, bíonn seisiú(i)n ionduchtaithe acu ina bhfaigheann siad eolas ginearálta faoin ionad, mar aon le heolas a bhaineann go sainiúil leis an chúrsa, mar atá, na modúil atá le déanamh, féilire agus clár ama an chúrsa, measúnuithe agus sprioc-amanna measúnuithe. Leagann lámhleabhar foghlaimeoirí ETB Dhún na nGall amach polasaithe agus gnásanna maidir le tinreamh, polasaithe agus gnásanna maidir le measúnuithe, tacaíochtaí atá ar fáil d’fhoghlaimeoirí, cód iompair d’Fhoghlaimeoirí agus treoracha maidir leis an iompar a bhfuiltear ag súil leis, nós imeachta le gearáin a dhéanamh agus eolas cuí eile.

An tEispéireas Foghlama agus an Timpeallacht

Tá ETB Dhún na nGall tiomanta do thimpeallacht foghlama a chruthú laistigh dá chuid ionad, timpeallacht a bhfuil gnéithe fisiciúla, sóisialta, cultúrtha agus intleachtúla aici agus a ligeann d’fhoghlaimeoirí eispéireas foghlama iomlánaíoch a bheith acu, agus a ligeann dóibh forbairt go pearsanta agus go hacadúil.

Léireofar meas ar fhoghlaimeorí a dhéanann cúrsa agus caithfear leo go cothrom, ar aon dul le tiomantas ETB Dhún na nGall maidir le comhionannas. Eagraíonn ionaid gníomhaíochtaí le tacú le timpeallacht foghlama atá dearfach, sóisialta agus cultúrtha trí ghníomhaíochtaí ar nós turas allamuigh nó aoichainteoirí a chur ar fáil. 

Foghlaim Le Cuidiú Teicneolaíochta (TEL)

Tá ETB Dhún na nGall tiomanta do níos mó infheistíochta a chur ar fáil ar bhonn leanúnach d’fhoghlaim le cuidiú teicneolaíochta le tacú le cleachtais nuálacha teagaisc agus foghlama. Áiríonn bearta tacú le hacmhainní digiteacha le húsáid sa seomra ranga a chruthú agus a roinnt, timpeallachtaí fíorúla foghlama (VLEanna), ar nós Moodle le tacú leis an eispéireas foghlama, cur le cumas na foirne trí CPD; cur go mór leis an infreastruchtúr ICT, agus Pobail Cleachtais agus gréasáin TEL a fhorbairt.

Cáilíocht na Taithí Oibre agus na Socrúchán Oibre a Dhearbhú

Ag ETB Dhún na nGall creideann muid gur páirt luachmhar den eispéireas foghlama í taithí oibre, rud a ligeann d’fhoghlaimeoirí blaiseadh a fháil ar na fírinní a bhaineann le bheith ag obair ina rogha gairme. Mar sin de, tá modúl Taithí Oibre nó Cleachtais Oibre le socrúchán oibre éigeantach i gceist i bhformhór na gcúrsaí a bhfuil mórdhámhachtain mar thoradh orthu.

Tá ETB Dhún na nGall tiomanta do chinntiú go bhfuil na timpeallachtaí foghlama obairbhunaithe ina mbíonn foghlaimeoirí mar pháirt dá socrúcháin oibre iomchuí, sábháilte agus gan a bheith ag déanamh dúshaothraithe ar na foghlamoirí ar bhealach ar bith.

Aiseolas a Thabhairt ar an Eispéireas Foghlama

Tá aiseolas ó fhoghlaimeoirí ina ghné riachtanach de shaolré cúrsa le ETB Dhún na nGall. Iarrtar aiseolas maidir le gach cúrsa trí mheasúnachtaí lártéarma agus deireadh téarma, agus is féidir an t-eolas a bhailítear a úsáid le haghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna a thagann chun cinn le linn an chúrsa, agus cuireann sé le leaganacha eile den chúrsa amach anseo m.sh. maidir le rogha na modúl srl., mar aon le forbairt cúrsa úir. Ina theannta sin, tig le foghlaimeoirí aon ábhar imní nó aiseolas a d’fhéadfadh a bheith acu faoin chúrsa a ardú le múinteoir an chúrsa nó le comhordaitheoir an chúrsa ag am ar bith idir na gnáthdheiseanna foirmiúla aiseolais.

Cúiseanna Gearáin Foghlaimeoirí

Má bhíonn gearán ag foghlaimeoirí, bítear ag súil, ar an chéad dul síos, go ndéanfaidh siad iarracht aghaidh a thabhairt air leis an duine cuí. Mura sásaíonn sé sin iad, tig leo dul go dtí comhordaitheoir an chúrsa lena n-ábhair imní agus ina dhiaidh sin d’fhéadfadh siad achomharc a dhéanamh leis an fhoireann ardbhainistíochta laistigh den ionad.

Tá polasaí achomhairc i bhfeidhm ag ETB Dhún na nGall agus cuirtear foghlaimeoirí ar an eolas maidir leis an dóigh le hachomharc a dhéanamh ar mheasúnú le linn ionduchtaithe.

Má bhíonn gearáin ag foghlaimeoirí nach mbaineann le cúrsaí acadúla, gearáin a ardaítear ag leibhéal an ETB, Roinn Seirbhísí Corparáideacha ETB Dhún na nGall a láimhseálann iad. 

Tacaíochtaí d’Fhoghlaimeoirí

Ofrálann an tSeirbhís Treorach agus Faisnéise d’Aosaigh eolas, comhairle, treoir agus comhairliúchán neamhchlaonta agus rúnda ar na roghanna oideachasúla atá ar fáil laistigh d’ETB Dhún na nGall agus le soláthraithe oideachais eile. Tá sé mar aidhm ag an tseirbhís tacaíocht a thabhairt don fhoghlaimeoir chun na cinntí cearta a dhéanamh maidir le filleadh ar oideachas agus oiliúint agus le cuidiú leis an fhoghlaimeoir na cinntí sin a dhéanamh laistigh de chomhthéacs iomlán a shaoil.

I ngach ionad de chuid ETB Dhún na nGall, spreagtar foghlaimeoirí, ag staid an agallaimh, aon riachtanais speisialta nó míchumais a d’fhéadfadh a bheith acu a nochtadh, ionas gur féidir tacaíochtaí nó comhréiteacha cuí a chur ar fáil. Má dhéantar nochtadh den sórt sin, buailfidh ball foirne cuí leis an fhoghlaimeoir le plé a dhéanamh ar na cineálacha tacaíochtaí a d’fhéadfadh a bheith de dhíth air/uirthi.

Déantar gach iarracht réasúnach le tacú le foghlaimeoirí a bhfuil riachtanais ar leith acu, sula dtosaíonn siad nó a luaithe agus a thosaíonn siad. D’fhéadfadh réamhfhoghlaim nó taithí, aibíocht, cumais éagsúla nó eile a bheith i gceist sna riachtanais éagsúla. Sa chás sin, aontófar na tacaíochtaí atá de dhíth i gcomhar leis an fhoghlaimeoir. 

Treoir d’Fhoghlaimeoirí

Tá treoir ar fáil, de réir mar is cuí, d’fhoghlaimeoirí maidir le deiseanna dul chun cinn. Laistigh den tSeirbhís Oideachais d’Aosaigh, tugann an tSeirbhís Treorach agus Faisnéise d’Aosaigh tacaíocht agus treoir d’fhoghlaimeoirí maidir le réimse clár, fad is go bhféadfadh treoirchomhairleoirí a bheith ar fáil le comhairle a thabhairt d’fhoghlaimeoirí i gcoláistí agus in ionaid bhreisoideachais. In ionaid eile FET, cuireann comhordaitheoirí nó múinteoirí tacaíocht den chineál céanna ar fáil más féidir. In ionaid Chumasóige, cuireann sainbhaill foirne treorach, ar a dtugtar Tacadóirí, pleanáil agus treoir ar fáil do dhaoine aonair maidir le conair ghairme. 

Cúram d’Fhoghlaimeoirí

Laistigh de gach ionad, agus do gach cúrsa, beidh duine ainmnithe, ar nós comhordaitheoir an chúrsa, treoirchomhairleoir, comhairleoir foghlaimeoirí, teagascóir an chúrsa, bainisteoir cúnta nó duine ainmnithe eile ar fáil le haghaidh a thabhairt ar aon ábhair imní a bhaineann le cúrsaí acadúla a d’fhéadfadh a bheith ag foghlaimeoirí.

Earcú Foirne agus Forbairt Gharimiúil ETB Dhún na nGall

Tá gach cúrsa de chuid ETB Dhún na nGall á theagasc ag baill foirne a bhfuil na  cáilíochtaí cuí acu, le haitheantas na Comhairle Múinteoireachta, nó teastasú Oiliúint don Oiliúnóir de réir mar is cuí.  Earcaítear gach ball foirne de réir phrótacail HR ETB Dhún na nGall. Ní mór do gach ball foirne teagaisc ar chláir ETB a bheith cáilithe ar an Chreat Náisiúnta Cáilíochtaí ar a laghad leibhéal amháin os cionn cibé leibhéal atá siad a theagasc.

Tá ETB Dhún na nGall tiomanta d’fhás mar mhóreagraíocht agus do chinntiú go bhfuil rochtain ag gach ball foirne ar dheiseanna forbartha gairmiúla. Áiríonn sé sin baill foirne a chumasú le cur lena gcuid scileanna, a gcuid inniúlachtaí a nuashonrú, modhanna nua múinte a fhiosrú agus comhoibriú le comhghleacaithe. 

Bainistíocht Faisnéise

Tá polasaithe cosanta sonraí ag ETB Dhún na nGall le cloí le reachtaíocht reatha. Ní thig ach pearsanra ainmnithe agus údaraithe rochtain a fháil ar bhunachair sonraí agus ní féidir úsáid a bhaint astu ach amháin le sonraí a iontráil in ionaid áitiúla agus le tuairisciú de réir mar is cuí ag ionaid áitiúla nó go lárnach laistigh d’ETB Dhún na nGall.

Féinmheastóireacht agus Monatóireacht

Déantar athbhreithniú ar chláir ag meastóireacht dheireadh an chúrsa ag leibhéal an ionaid. Cuireann na hathbhreithnithe sin deis ar fáil le hathbhreithniú a dhéanamh ar ualaí measúnuithe, agus ar ghnéithe eile maidir le cúrsaí a sheachadadh, agus de réir mar is gá iad siúd a leasú bunaithe ar aiseolas ó fhoghlaimeoirí agus ó bhaill foirne.

I láthair na huaire, déantar monatóireacht ag leibhéal an ionaid le meastóireachtaí i lár an chúrsa agus ag deireadh an chúrsa. Ligeann sé sin dúinn saincheisteanna a shainaithint go gasta agus na bearta cuí a dhéanamh, agus tacaíochtaí breise a chur ar fáil, más gá. Cuireann próisis Fíoraithe Inmheánaigh deis ar fáil le monatóireacht a dhéanamh ar na próisis mheasúnaithe, fad is go gcuireann an Deimhniú Seachtrach agus an Painéal Faofa Torthaí (RAP) deiseanna ar fáil maidir le monatóireacht a dhéanamh ar thorthaí agus ar shaincheisteanna ón tréimhse measúnaithe áirithe sin.

Déanann Grúpa Bainistíochta QA athbhreithniú ar thuarascálacha RAP i bhformáid chomhthiomsaithe, rud a éascaíonn treochtaí fadtéarmacha a shainaithint.

Tá Féinmheastóireacht Fheidhmiúcháin (ESER) déanta ag ETB Dhún na nGall ar an eagraíocht iomlán, agus tá tuarascáil a thugann breac-chuntas ar thorthaí na féinmheastóireachta sin ar fáil anseo: Tuarascáil ESER.

Tá ár ‘Plean Feabhsúcháin Cáilíochta’ ar fáil le híoslódáil anseo: Plean QIP ETB Dhún na nGall Aighneacht QQI 2020.

Tá cóip dár dtaighde ar Mhúinteoireacht Mhodhnaithe, Measúnú agus Foghlaim le linn srianta COVID-19 ar fáil anseo

Rinne DMH Associates taighde seachtrach ar infhaighteacht tacaíochtaí foghlaimeora ar fud na seirbhíse FET. Tá an tuarascáil taighde ar fáil anseo.

 

Rannpháirtíocht le Páirtithe Leasmhara agus comhlachtaí eile

Comhoibriú Pobail

Bíonn ETB rannpháirteach le grúpaí pobail, Ionaid Acmhainne Teaghlaigh, ionaid Pobal agus Cuideachtaí Comhpháirtíochta maidir le cúrsaí neamhchreidiúnaithe agus creidiúnaithe a chur ar fáil ag gach leibhéal laistigh den tseirbhís litearthachta; clár BTEI pobalbunaithe agus seirbhís oideachais pobail deontais-bhunaithe le cur chuige “ón bhonn aníos” a chinntiú maidir le rannpháirtíocht a chinntiú i measc foghlaimeoirí nach dtugann faoi ghníomhaíochtaí oideachais de ghnáth.

Comhoibriú leis an Roinn Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialaí (DEASP)

Grúpa Oibre ETB Dhún na nGall/na Roinne Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialaí (DEASP):  Forbraíodh grúpa eatramhach prótacail DEASP agus tá meamram tuisceana i bhfeidhm idir an dá eagraíocht lena n-áirítear comhroinnt sonraí idir na córais atreorúcháin foghlaimeoirí.

Rannpháirtíocht Fiontraíochta

Grúpa Oibre maidir le Rannpháirtíocht Fiontraíochta: Bunaíodh an Grúpa Oibre maidir le Rannpháirtíocht Fiontraíochta le caidrimh a thógáil agus a choinneáil le fostóirí sa réigiún agus chonacthas mar inneall é le haiseolas a spreagadh ó fhostóirí ar chláir agus ar sheirbhísí de chuid an ETB. Cruthaíodh é le teacht leis an obair atá á déanamh ag an Fhóram Réigiúnach Scileanna fosta. Tionscnamh tábhachtach a cuireadh i bheidhm ag eascairt as an chaidreamh seo ná seoladh ‘Tairseach Fostóirí’ –(Seirbhísí d’Fhostóirí) ar láithreán gréasáin ETB, áit ar féidir le fostóirí cur le hobair ETB agus sa dóigh sin rannpháirtíocht páirtithe leasmhara a chruthú.

Cúrsaí Oiliúna: Bhí ETB Dhún na nGall rannpháirteach le tionscal na hinnealtóireachta agus le tionscal an fháilteachais araon maidir le cláir oiliúna úra a fhorbairt sna réimsí sin. Forbraítear na cláir sin i gcomhar le SOLAS agus le fostóirí áitiúla le freastal ar na héilimh a bhaineann le soláthar scileanna sna réimsí sin fad is go dtugann sé deis do na foghlaimeoirí foghlaim obairbhunaithe a chríochnú. 

Institiúid Teicneolaíochta Leitir Ceanainn

Tá meamram tuisceana i bhfeidhm idir Institiúid Teicneolaíochta Leitir Ceanainn agus an ETB agus ceann de na príomhfhócais straitéiseacha a bhaineann leis an MOU sin ná conair forchéimnithe a thógáil chuig HE ó na cláir FET agus naisc níos cóngaraí a thógáil idir an dá eagraíocht. I láthair na huaire tá an ETB ag obair ar anailís ar chonair éagsúla chuig HE le hiontráil ó chláir Leibhéal 5 & 6 agus le feiceáil cén dóigh ar féidir linn cuidiú le níos mó mapaí agus conairí isteach chuig LYIT a chruthú.

Gníomhaireachtaí Reachtúla

Rinneadh naisc láidre fosta idir na gníomhaireachtaí reachtúla eile sa chontae agus bhí ETB Dhún na nGall ábalta freastal ar na riachtanais le haghaidh fostaíochta agus fás fiontraíochta trínár gcláir agus seirbhísí a ailíniú go dlúth leis na gníomhaireachtaí sin trí fhóraim agus trí thionscadail chomhoibritheacha éagsúla. Áiríonn sé sin Údarás na Gaeltachta, an tOifig Áitiúil Fiontraíochta, an Comhlachas Tráchtála, agus an Chomhairle Contae. Tá sé tábhachtach go gcoinnítear na naisc sin agus go n-úsáidtear iad le cur le forbairt clár agus cúrsaí le freastal ar riachtanais uathúla an chontae.

Comhoibriú Náisiúnta

Cuideoidh comhoibriú náisiúnta agus tionscadail earnála maidir le Dearbhú Cáilíochta arna gcomhordú ag ETBI le ETBanna nádúr cuimsitheach na gCroí-Threoirlínte agus na dTreoirlínte atá dírithe ar Earnáil ar Leith a shásamh, lena n-áirítear, réimse tionscadal a chur san áireamh a chuideoidh le creat a chur le chéile le haghaidh gnásanna QA maidir le Alt 7 de na Croí-Threoirlínte.

Fórais Cháiliúcháin

Tá caidrimh chonartha i bhfeidhm fosta le fórais cháiliúcháin eile agus córais tástála/measúnaithe atá taobh amuigh de dhlínse na hÉireann. Áiríonn sé sin City & Guilds, ITEC, Microsoft, Pearson Vue, ERS, OFTEC.