Saoráil Faisnéise
AN TACHT UM SHAORÁIL FAISNÉISE 2014
Tá Bord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall san áireamh anois faoin Acht um Shaoráil Faisnéise 2014 ón Mháirt, 14 Aibreán, 2015
Tá Bord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall san áireamh anois faoin Acht um Shaoráil Faisnéise 2014 ón Mháirt, 14 Aibreán, 2015
Tabhair faoi deara le do thoil: Leanúnachas na Seirbhíse um Shaoráil Faisnéise le linn Covid 19
De ghnáth, eiseofar freagra taobh istigh de 20 lá oibre ó iarratas bailí a fháil;
Míneofar gach cinneadh, ag leagan amach forálacha an Achta a úsáideadh leis na cinntí sin a dhéanamh;
Sa litir chinnteoireachta tabharfar sonraí de do chuid chearta maidir le hAthbhreithniú Inmheánach a iarraidh agus achomharc a dhéanamh
Ní mór don iarratas a shonrú go bhfuil sé á dhéanamh faoin Acht um Shaoráil Faisnéise, 2014;
Ní mór don iarratas a bheith sínithe agus dátaithe;
Ní mór don iarratas a shonrú go soiléir na taifid/an t-eolas go díreach atá á iarraidh agus a oiread sonraí agus is féidir a chur ar fáil (.i. scoil/ionad/oifig/suíomh na hoifige/dátaí tinrimh srl.)
Seolfar admháil taobh istigh de 10 lá oibre ó iarratas bailí a fháil;
Tabharfaidh ETB Dhún na nGall le fios don iarratasóir cén cinneadh atá déanta aige taobh istigh de 20 lá oibre ó iarratas bailí a fháil;
Seolfar fógra chuig an iarratasóir, má tá síneadh ama de dhíth leis an iarratas a mheas ina iomláine;
Má tá duine aonair míshásta leis an chinneadh a rinneadh féadfaidh sé achomharc a chur isteach i scríbhinn chuig an Athbhreithneoir Inmheánach, ainmnithe sa Litir Chinnteoireachta laistigh de cheithre seachtaine den bhunchinneadh. Tá an t-athbhreithniú seo neamhspleách ó chinneadh an Chinnteora thosaigh;
Seolfar cinneadh iomlán ar an achomharc chuig an iarratasóir taobh istigh de 15 lá oibre ó iarratas ar achomharc a fháil;
Má bhíonn tú míshásta le cinneadh an Athbhreithneora Inmheánaigh féadfaidh an t-iarratasóir achomharc a dhéanamh go díreach chuig an Choimisinéir Faisnéise www.oic.gov.ie laistigh de shé mhí ó dháta chinneadh an athbhreithneora inmheánaigh, agus déanfar athbhreithniú neamhspleách ar an chás.
Tá sonraí de gach iarratas FOI le haghaidh faisnéis neamhphearsanta a fuarthas ó Aibreán 2015 agus cinntí a rinneadh maidir leis na hiarratais sin ar fáil fosta ar ár dTaifead Nochtadh FOI liostaithe thíos,
Freedom of Information Officer
Oifigí Riaracháin ETB
Ard Uí Dhónaill
Leitir Ceanainn
Co. Dhún na nGall
Guthán: 074 916 1560
Ríomhphost: foi@donegaletb.ie
> Le heolas cuí a fháil déan teagmhail leis an Láraonad Polasaí FOI
> An tAcht um Shaoráil Faisnéise 2014